Séidéan Sí. Na sióga ag fágáil agus ag gabháil áit eile.
A mháthair mór, oíche amháin chuala na daoine uilig na beithígh bheaga (sióga) ag teacht aniar an bealach mór. Bhí a mháthair mór ina luí agus girseach bheag aici, bhíodh cochán le bun an dorais acu san am agus nuair a chuaigh na beithígh thart tháinig séidéan iontach agus tháinig sapóg chocháin ón doras aníos go lár an tí. Bhí fear de na sióga ina sheasamh ansin agus cúl a chinn leis an tine aige.
An Tonn Bháite – thiar ar chúl an oileáin agus an fharraige iontach ciún, thagadh trí rása isteach agus thugadh sé daoine amach, an tonn bháite.
Creideann sé i gcuid de na scéalta. Tharla rudaí do féin; thit sé síos le scoilt agus ní raibh sé ábalta bogadh go bhfuair sé cuidiú. | 00:07:30 | |